Is príomhchuid de bheartas an Rialtais í BusConnects le haghaidh an iompair phoiblí a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar athrú na haeráide. Tá Gaillimh ag dul i méad, agus tá líonra bus ag teastáil ón gcathair a fhreastalaíonn ar Cheantar Cathrach na Gaillimhe, agus ar áiteanna níós faide i gcéin.
Tá sé mar aidhm ag BusConnects seirbhís feabhsaithe bus a chur ar fáil do chách; don phobal, don chathair agus don timpeallacht. Tá BusConnects dírithe ar sheirbhís bus níos fearr, níos iontaofa agus níos éifeachtaí a chur ar fáil; tuilleadh busanna ag taisteal níos minice go dtí tuilleadh áiteanna.
Is bealach leanúnach 4km na n-áiseanna é BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath don iompar ar chos, ar rothar agus poiblí ar ardchaighdeán a shíneann soir ó Acomhal Mhóinín na gCiseach go dtí Acomhal Bhóthar Dhabhach Uisce.
Baineann ríthábhachtacht leis an Tionscadal BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath do sheachadadh Straitéis Iompar na Gaillimhe chun bonneagar a chur le chéile a laghdaíonn an spleáchas ar an gcarr príobháideach, a chuireann an siúl agus an rothaíocht chun cinn, agus a tacaíonn le minicíocht agus le hiontaofacht fheabhsaithe na dturas ar sheirbhísí bus áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.
Sa bhliain 2020, reáchtáladh comhairliúchán neamhreachtúil ar an ‘Bealach Roghnaithe ag Teacht Chun Cinn’. Baineadh flúirse an léargais agus na faisnéise as a leithéid don fhoireann deartha.
I ndiaidh an chomhairliúcháin seo, bhí gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an dearadh beartaithe mar thoradh ar athruithe suntasacha ar an dearadh agus ar threoir an tsoláthair d’fhonn comhlíonadh an ‘dea-chleachtais’ reatha a chinntiú. Áirítear leo siúd na hathruithe uasdátuithe ar an gCód Caiteachais Phoiblí, treoir athraithe um dearadh leagan amach na mbusbhealaí, agus na
Treoirlínte leasaithe um Fhaomhadh na dTionscadal de chuid an Údarás Náisiúnta Iompair.
Mar thoradh ar na hathruithe seo, agus ar an aiseolas a fuarthas ón gcéad chomhairliúchán poiblí ar BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath, rinneadh an ‘Bealach is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn’ a uasdátú.
Cuirtear fáilte anois roimh aiseolas maidir leis ar an mBealach uasdátaithe is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn, mar chuid den 2ú comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar mholtaí BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath.
Cuirfear tús leis an 2ú Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil an 13 Eanáir 2023 agus leanfaidh sé ar feadh 4 sheachtain. Sé cuspóir an chomhairliúcháin ná fáilte a chur roimh aiseolas, ceisteanna agus tacaíocht don Bealach is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn, chun cuidiú le dearadh na scéime a threorú agus é ag dul ar aghaidh chuig próiseas an Chead Phleanála.
Mar chuid den chomhairliúchán, rinne foireann deartha BusConnects Galway: Dublin Road seomra fíorúil na faisnéise forbartha a fhorbairt.
Is spás idirghníomhach é seo chun féachaint ar an bpríomheolas a bhaineann leis an tionscadal, lena n-áirítear:
- Físeán eitilte den Bealach is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn
- Líníochtaí an Bhealaigh is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn
- Faisnéis maidir le haiseolas a thabhairt
- Áis chun cruinniú a chur in áirithe